

Áirithintí do Ghrúpaí Scoile
Luigh Isteach ar an Bhfoghlaim
Bain leas as ár bpacáistí um oideachas praiticiúil chun d’eispéireas seomra ranga a athrú ó bhonn. Agus iad faoi stiúir saineolaithe ar chúrsaí uisceadáin, cuireann ár dturais treoraithe spleodar san fhoghlaim agus tugann siad deis iontach do dhaltaí/do mhic léinn iontaisí an aigéin a chíoradh ar bhealach tarraingteach idirghníomhach. Is cuma cad a roghnóidh tú (turas treoraithe nó deis mionchíoradh a dhéanamh ar chúrsaí leis an bpacáiste ‘Intinní Fiosracha’), beidh an toradh céanna ar do chuairt: gheobhair timpeallacht foghlama bhríomhar i mBéarla nó i nGaeilge a chabhróidh go mór le do spriocanna oideachasúla a bhaint amach.


Leibhéil na Bunscoile agus na Meánscoile - an Pacáiste Turais Treoraithe
Praghas: €11 in aghaidh an dalta
Fad ama: 1 uair an chloig
Teangacha atá ar fáil: Béarla nó Gaeilge
Mar chuid de tá:
- Turas treoraithe faoi stiúir daoine dár mbaill foirne eolacha
- Saorchead isteach do mhúinteoirí agus do chúntóirí ranga
- Tae agus caife saor in aisce

Leibhéal na Bunscoile - An Pacáiste ‘Intinní Fiosracha’
Pacáiste: €17 in aghaidh an dalta
Fad ama: 2 uair an chloig
Teangacha atá ar fáil: Turas treoraithe as Béarla nó as Gaeilge, is trí mheán an Bhéarla amháin a chuirtear an tsaotharlann ranga ar siúl
Mar chuid de tá:
- Turas treoraithe faoi stiúir daoine dár mbaill foirne eolacha
- Saotharlann ranga ‘Intinní Fiosracha’ ina bhfaightear taithí phraiticiúil ETIM-bunaithe
- Toisc gur Ionad Fionnachtana Creidiúnaithe SFI [Fondúireacht Eolaíochta Éireann] í Mara Beo, beidh tú in ann do chuairt a lua chun cuid de na ceanglais a chomhlíonadh atá ag teastáil chun cáiliúchán Intinní Fiosracha a bhaint amach do do scoilse. Faigh tuilleadh amach
- Saorchead isteach do mhúinteoirí agus do chúntóirí ranga
- Tae agus caife saor in aisce

Foirm Fiosrúcháin

Léirmheasanna
Mar a deir ár gcustaiméirí fúinn:



