

Fiosraigh
Tum tú féin in iontaisí Mhara Beo!
Fáilte go Mara Beo an Daingin, an t-uisceadán is mó in Éirinn! Agus breis agus 28 taispeántas againn, seo do sheans chun eolas a chur ar bheatha na mara ó ar fud na cruinne. Bíodh do dhúil in aithne a chur ar ainmhithe andúchasacha, nó i bhfoghlaim faoi chúrsaí caomhnaithe, nó muna bhfuil uait ach áit éigin chun lá taitneamhach a chaitheamh ann, gheobhair rud éigin a mheallfaidh do mhian san uisceadán iontach seo s’againne.

Faigh Éachtaint ar a Bhfuil i Mara Beo

Nithe inár dTaispeántais ar Díol Suntais Iad
- Cósta na bPiongainí: Tar aghaidh ar aghaidh leis na Piongainí Humboldt bríomhara s’againne agus iad ag dul i mbun a ngnóthaí i ngnáthóg atá ina macasamhail dhílis den chineál áite ina gcónóidís san fhiántas.
- Piongainí an Artaigh: Bain lán do shúl as piongainí gentoo gleoite agus iad ar a sáimhín só i dtimpeallacht Artach.
- Tanc na Siorcanna: Tar aghaidh ar aghaidh le siorcanna tíogracha gainimh, le turtar ceannramhar maorga agus le go leor ainmhithe eile.
- Aigéin Thrópaiceacha: Imigh leat ar fán trí sceireacha coiréil agus iad lán de bheatha na mara a bhfuil gach dath faoin spéir orthu.
- Aibhneacha Áiseacha: Leag súil ar speicis fionnuisce uathúla inár ngnáthóga aibhneacha na hÁise.
- Foraois Bháistí na hAmasóine: Faigh blaiseadh den Amasóin mhéith, mar a bhfuil speicis éisc ríspeisiúla le fáil.
Linn Pheataireachta Idirghníomhach: Bain taitneamh as eispéireas teagmhálach ina leagfaidh tú lámh a rspeicis mhara.
Le haghaidh mionchuntais ar gach taispeántas Cliceáil anseo chun cuairt a thabhairt ar leathanach na dTaispeántas

Ainmhithe atá i Lár an Aonaigh
- Piongainí gentoo: Le cois bheith spraíúil agus fiosrach, tá na héin seo ar na héin snámha is tapúla ar domhan.
- Siorcanna Tíogracha: Seo chugat Spike agus Splash, dhá shiorc atá mór groí ach iad iontach séimh mar sin féin.
- Piongainí Humboldt: Is as Meiriceá Theas ó dhúchas do na piongainí seo agus ní fhéadfá gan suntas a thabhairt dóibh gona bandaí dubha.
- Madraí Uisce Áiseacha Gearrchrúbacha: Agus iad chomh spraíúil muinteartha sin, is deacair gan gean a thabhairt do na madraí uisce seo.
Le haghaidh breis eolais faoi na hainmhithe a thiocfaidh faoi do shúil ag Mara Beo an Daingin, Cliceáil anseo chun cuairt a thabhairt ar leathanach na nAinmhithe A-Z.
Do Chuairt
Bhfuil tú réidh chun aghaidh a thabhairt ar eachtra faoi uisce?
Gach eolas a bheadh uait chun lán tairbhe a bhaint as d’eachtra i Mara Beo (idir uaireanta oscailte agus cineálacha ticéid agus na hamanna a chothaítear na hainmhithe), tá sé le fáil anseo.
Faigh tuilleadh amach






