

Taispeántais
Tar Aghaidh ar Aghaidh le hIontaisí na Mara
Piongainí spraíúla. Madraí uisce ar rógairí iad. Féileacáin ar foluain. Smugairlí róin a chuirfidh faoi gheasa thú. Maicréil ghuairneánacha.
Caith súil ar roinnt dár dtaispeántais chun eolas a chur ar na hiontaisí mara atá faoi dhíon againn anseo!
I bhFad Éireann Níos Mó i gCeist Leis Ná Uisceadán Amháin
Blaiseadh beag de na taispeántais atá againn
An Amasóin: Iontaisí an Easa a Aimsiú
Téigh ar thuras síos an Amasóin, mar a gcífidh tú an iliomad speiceas idir na teitrí beaga bídeacha agus an pacu dubh toirtiúil. Cuir eolas ar bhithéagsúlacht iontach an uiscebhealaigh thrópaicigh seo.
An tAtlantach Domhain: Eispéireas Digiteach Tumthach
Léim isteach sa chéad eispéireas tumthach mara in Éirinn riamh. Mar chuid den bheochan dhraíochtúil sé nóiméad seo, déanfaidh tú míol mór dronnach a thionlacan giota den bhealach amach ó chósta Chiarraí agus tiocfaidh tú ar iontaisí ceilte an Atlantaigh chomh maith. Casfar deilfeanna bolgshrónacha, éisc ghréine, turtair droimleathair agus bundúin leice na séad ort feadh na slí.
Tanc na Siorcanna: Cuir Aithne ar Chreachadóirí Buntaca an Aigéin
Tar aghaidh ar aghaidh le cuid de na creachadóirí is speisiúla san fharraige agus a bhfuil an oiread sin míthuisceana fúthu– siorcanna! Sa tanc is mó dá bhfuil againn tá siorcanna tíogracha gainimh lánfhásta, turtar ceannramhar mara a tarrtháladh agus a leithéidí eile.
Madraí uisce: Seo Chugat ár dTeaghlach Lán de Spraoi
Is baill fhiosracha spraíúla den fhine Mustelidae iad na madraí uisce gearrchrúbacha ón Áis. Cuir aithne ar an ngrúpa bríomhar s’againne agus na geáitsí greannmhara a bhíonn ar siúl acu!
Tearmann na bhFéileacán: Tír Thrópaiceach na nIontas
Ar Oscailt ó mhí Aibreáin go deireadh mhí Dheireadh Fómhair
Téigh ag spaisteoireacht trí Thearmann na bhFéileacán, áit a gcífidh tú inveirteabraigh ghlé ó Chríocha Mheiriceá ag eitilt thall is abhus i dtimpeallacht thrópaiceach. Leag súil ar na pailneoirí is speisiúla dá bhfuil sa dúlra.
Loch na Maláive: Éagsúlacht Ciclidí Tugtha Chun Solais
Cuir eolas ar an éagsúlacht ciclidí dhochreidte atá i Lochanna Móra na hAfraice. Tá na mílte speiceas ciclide le fáil i Loch na Maláive. Bhainfí siar as duine na bealaí glice ina bhfuil siad dulta in oiriúint dá dtimpeallacht agus na dathanna glé atá orthu: cuid acu ar dhath na goirme leictrí, dath gealbhuí ar chuid eile acu agus dath dúdhearg ar chuid eile acu arís. Leag súil ar an éagsúlacht dhochreidte a tháinig ann de réir a chéile sa ghnáthóg uathúil seo.
Smugairlí Róin na Gealaí: Iontaisí a Chuirfidh faoi Gheasa Thú
Féach ar na hainmhithe tréshoilseacha seo agus iad ag splancadh leo go maorga tríd an uisce. Is doiligh do shúile a bhaint dá gcorp atá ar chruth cloig agus rince aisteach á dhéanamh ag a mbraiteoga íogaire. Ní hamháin go bhfuil áilleacht aisteach éigin ag baint le smugairlí róin na gealaí ach tá ról ríthábhachtach acu in éiceachórais mhuirí chomh maith sa mhéid is go gcuidíonn siad le haigéin a choinneáil i gcothromaíocht. Faigh tuilleadh amach faoin saolré ríspéisiúil atá acu agus an ról tábhachtach atá acu sa bhiashlabhra.
Piongainí an Chósta: Ag Luipearnach Leo Feadh an Chladaigh
Is as an bhfarraige feadh chósta na Síle agus an Pheiriú do na piongainí Humboldt agus iad ann ina dtáinte sna huiscí ilchothaitheacha ónar baisteadh a n-ainm orthu. Cuir eolas ar a n-iompraíochtaí suaithinseacha agus ar an gcaoi a bhfuil siad dulta in oiriúint do mhaireachtáil in aeráidí níos teo.
Piongainí an Artaigh: Tum Isteach san Antartach
Tabhair aghaidh ar an Antartach, áit a gcasfar na héin is tapúla ar domhan ort: na piongainí gentoo! Cuir aithne ar fhéith na rógaireachta atá iontu agus ar na hoiriúnuithe a d’fhorbair siad chun maireachtáil i dtimpeallacht chrua.
Tollán Aigéanach: Téigh ar Aistear Faoi Thoinn
Tum thú féin inár dTollán Aigéanach atá 3 mhéadar ar doimhneacht agus 53 thona uisce ann. Siúil leat tríd an dtollán agus chífidh tú beatha na mara ar gach taobh díot: idir sciataí garbha grástúla agus mhaicréil ghuairneánacha agus éisc ghormbhéil ag snámh anso agus ansiúd de sciotán. Caith súil ar lomáin charraige agus ar smionagar long a chuaigh go tóin poill. Fad agus atánn tú ann, bíodh súil amuigh agat do ghliomaigh spíonacha agus iad i bhfolach i scoilteanna sna carraigeacha. Deis is ea an t-eispéireas draíochtúil seo chun éachtaint a fháil ar dhomhan faoi thoinn a cheiltear orainn de ghnáth.
Linn Pheataireachta Idirghníomhach: Cuir eolas ar uiscí na hÉireann
Léim isteach sna huiscí díreach faoi chraiceann an uisce i mBá an Daingin! Bí i dteannta ár saineolaithe ar uisceadáin ag an linn pheataireachta idirghníomhach agus tabharfaidh siad deis duit lámh a leagan ar speicis dhúchasacha iontacha amhail portáin, gliomaigh agus cineálacha éagsúla sciata.


Nuair a Chothaítear na hAinmhithe
Bí linn ag na seisiúin chothaithe a tharlaíonn go laethúil agus ag na cainteanna lán d’eolas a thugann ár saineolaithe ar chúrsaí uisceadáin. Faigh léargais ríspeisiúla ar na hainmhithe mara atá faoi dhíon againn anseo agus faoi na n-iompraíochtaí uathúla atá acu. Féach ar an gclár ama!













