

Tabhair Geábh ar Leithinis Chorca Dhuibhne
Faigh Blaiseadh d’Áilleacht Chorca Dhuibhne
Fáilte chuig Leithinis Chorca Dhuibhne, mar a bhfuil áilleacht Shlí an Atlantaigh Fhiáin, stair shaibhir agus cultúr bríomhar na Gaeltachta le fáil. Is cuma más dúil san eachtraíocht nó fonn súil a leagan ar sheoda chultúrtha i bhfolach ar an saol a thugann anseo thú, gheobhair rud éigin chun do mhian a mhealladh ar an leithinis.
Na Gníomhaíochtaí Is Ansa le Cuairteoirí
Taitneamhachtaí
Cuairt a Thabhairt Ar Mhara Beo an Daingin
Níl slí níos fearr chun tús a chur le do sheal i gCorca Dhuibhne ná cuairt a thabhairt ar Mhara Beo, an t-uisceadán is mó in Éirinn! Léim isteach in iontaisí an domhain faoi uisce seo s’againne, mar a bhfuil piongainí, siorcanna agus linn pheataireachta idirghníomhacha. Agus rud éigin anseo chun mian gach éinne idir óg agus aosta a mhealladh, níl a shárú le fáil mar cheann scríbe do theaghlaigh ar thóir spraoi agus deis foghlama.
Cuairt a Thabhairt ar Bhaile an Daingin
Téigh ag spaisteoireacht trí shráideanna gleoite Bhaile an Daingin agus ní fada go mbeir faoi dhraíocht ag atmaisféar bríomhar na háite. Buail isteach chuig siopaí ildaite agus iad lán le hearraí ceardaíochta agus le seoda ealaíne na háite. Nó buail fút i gcaife seascair éigin thart faoin mbaile: tá an áit breac leo. Seo do sheas chun togha agus rogha an bhia a bhlaiseadh: tá neart bialann thart faoin mbaile ina bhfaighidh tú díol rí de bhéile a bhfuil scoth an bhia de chuid na háite ann. Ná bíodh sé le rá fút go raibh tú sa Daingean agus nár thug tú cuairt ar cheann de na tithe tábhairne atá ar fud an bhaile: scoth an leanna agus atmaisféar cuideachtúil romhat thar tairseach isteach.
Turas Bóthair Timpeall Cheann Sléibhe a Dhéanamh
Téigh ar thuras bóthair timpeall Cheann Sléibhe: is iomaí radharc álainn a bhainfidh an anáil díot feadh na slí. Bain ardtaitneamh as radhairc mhara iontacha amach ar an Aigéan Atlantach, ar aillte mórthaibhseacha agus ar thalamh réchnocach fhéarmhar. Agus tú ag tiomáint leat, casfar sráidbhailte Gaeltachta gleoite, láithreacha oidhreachta agus tránna aoibhne ort. Is iomaí áit feadh an bhealaigh inar féidir stopadh ar thaobh an bhóthair chun grianghraf a ghlacadh. Nó, níos fearr fós, ná bac leis an gceamara agus bíodh sos agat ar feadh nóiméid chun lán do shúl a bhaint as an radharc mara aoibhinn os do chomhair.
Turais Bháid & Faire Fiadhúlra a Dhéanamh
Ní haoibhneas go dtí é: féachaint ar Dhaingean Uí Chúis ón bhfarraige. Agus níl a bhac ort é sin a dhéanamh agus turais bháid á gcur ar siúl do chuairteoirí. Téigh ar aistear mara timpeall Bhá an Daingin, an chósta máguaird, agus na mBlascaodaí fad is a bheidh tú ag déanamh iontais d’aillte cósta, de chuainíní ceilte agus d’uiscí atá beo le hainmhithe mara. Is féidir babhta iascaireachta a dhéanamh ar roinnt turas mara fad is crús ar do shuaimhneas atá i gceist le cuid eile acu nó turas mara ina mbeidh tú ag scinneadh thar na tonnta fad is a bheidh radhairc iontacha ar gach taobh díot. Cé acu eachtraíocht nó seans chun do scíth a ligean atá uait, ní féidir teacht go Daingean Uí Chúis gan turas báid a dhéanamh.
Siúlóireacht a Dhéanamh ar Shlí Chorca Dhuibhne
Má tá gníomhaíocht níos dúshlánaí uait, tá neart conairí siúlóireachta ar Shlí Chorca Dhuibhne ina mbíonn radhairc iontacha ar an leithinis ag an té a shiúlann iad. Ag siúl leat thar thalamh réchnócach agus taobh le haillte mórthaibhseacha, beidh áilleacht dhúlra na háite i do thimpeall gach céim den aistear. Is cuma má tá seantaithí agat ar an siúlóireacht agus nó más duine thú nach ndéanann ach go hannamh í, gheobhair conair a oirfidh duit i measc na gconairí seo. Go deimhin, níl bealach níos fearr chun dáimh a chothú leis an tírdhreach maorga seo ná tabhairt faoin eispéireas aoibhinn seo amuigh faoin aer.
Cuairt a Thabhairt ar Láithreacha Ársa
Tá an-chuid staire ag baint le ceantar Chorca Dhuibhne agus gan aon easpa láithreacha ársa ann chun cuairt a thabhairt orthu dá réir. Orthu sin tá Séipéilín Ghallarais, séipéal Luath-Chríostaí a bhfuil bail mhaith air agus a bunaíodh sa seachtú haois. Fothracha eile ar fiú cuairt a thabhairt orthu is ea na Clocháin Choirceogacha ar struchtúir chloiche iad a thugann éachtaint ar Éirinn mar a bhíodh sí na cianta cairbreacha ó shin. Agus tú ag tiomáint leat timpeall Shlí Cheann Sléibhe, bí cinnte cuairt a thabhairt ar Dhún Beag, caiseal ón Iarannaois atá crochta ar bharr aille agus radharc anuas ann ar an Atlantach. Níl iontusan ach cuid de na seoda staire ar leithinis Chorca Dhuibhne agus is mór an teist na láithreacha ársa céanna ar cé chomh fada agus atá daoine ag cur fúthu ann agus oidhreacht lucht cónaithe réamhstairiúil na leithinise linn go fóill.
Tránna agus Cosáin Cois Cósta
Tá neart tránna aoibhne ar Leithinis Chorca Dhuibhne agus gné uathúil éigin ag baint le gach ceann acu. Lig do scíth ar chladach gainmheach Thrá na hInse agus ar thrá Cheann Trá, áiteanna a oireann go breá do theaghlaigh ar breá leo lá a chaitheamh ag snámh agus ag déanamh bolg le gréin. Más maith leas dreas aclaíochta a dhéanamh, tabhair cuairt ar Bhéal Bán, ar Chom Dhíneol, nó ar Thrá Chloichir, áit a mbeidh deis agat áilleacht fhiáin an chósta a shiúl. Taobh thall de na tránna, siúl leat síos an cosán go bhfeice tú láithreacha a bhfuil clú agus cáil orthu amhail an Dún Mór agus Cé Dhún Chaoin, áit ina gcúiteoidh na radhairc aoibhne do shaothar leat agus ina bhfaighidh tú blas ceart ar áilleacht nádúrtha na leithinse.
Tabhair Cuairt ar na Blascaodaí
An té a bhfuil a thriall ar an mBlascaod Mór, tá turas á thabhairt aige isteach i gcroílár oidhreacht chultúrtha agus nádúrtha na hÉireann. Agus iad suite ní i bhfad amach ó chósta Dhún Chaoin, bhíodh pobal Gaeltachta bríomhar ina chónaí anseo ar na hoileáin seo lá den saol a raibh clú agus cáil orthu as raidhse saothar liteartha a scríobh. Cé gur thréig na cónaitheoirí deireanacha an t-oileán in 1953, tá sé mar a bheadh iarsmalann bheo sa lá atá inniu ann ina gcaomhnaítear an modh maireachtála uathúil a bhíodh i réim anseo tráth.
Is féidir dul ar thuras báid ó Ché Dhún Chaoin nó ó Chuan an Daingin go dtí an príomh-oileán, mar ar féidir leat siúl trí fhothraigh thithe an tsean-sráidbhaile nó geábh siúil a dhéanamh ar thránna gléigeala a bhfuil radharc breá uathu amach ar an Aigéan Atlantach. Tá na hoileáin ina dtearmann d’fhiadhúlra chomh maith agus neart rónta is éan mara le feiscint orthu dá réir. Bíonn deilfeanna agus míolta móra le feiscint ann anois agus arís freisin.

Cá háit le fanacht i nDaingean
Do Chuairt
Bhfuil tú réidh chun aghaidh a thabhairt ar eachtra faoi uisce?
Gach eolas a bheadh uait chun lán tairbhe a bhaint as d’eachtra i Mara Beo (idir uaireanta oscailte agus cineálacha ticéid agus na hamanna a chothaítear na hainmhithe), tá sé le fáil anseo.
Faigh tuilleadh amach









